POLASAÍ PRÍOBHÁIDEACHAIS
Tuigeann Skelligs Retreat Teo go bhfuil do phríobháideacht tábhachtach duit féin agus gur suim leat conas a úsáidtear do shonraí pearsanta. Tá meas againn ar phríobháideacht gach duine a léiríonn a suim agus is mór againn é agus ní bhaileoimid agus ní úsáidfimid sonraí pearsanta ach ar bhealaí a thuairiscítear anseo, agus ar bhealach atá i gcomhréir lenár n-oibleagáidí agus le do chearta faoin dlí.
1. Eolas fúinn
Skelligs Retreat Teo.
Cuideachta theoranta cláraithe in Éirinn faoi uimhir cuideachta 627936
Seoladh cláraithe: Allachaí Mór, Baile an Sceilg, Cill Airne, Co Chiarraí, V23 F990, Éire
Ionadaí um Chosaint Sonraí: Mark Coleman
Seoladh ríomhphoist: interest@skelligsretreat.ie
Seoladh poist: Díseart na Scealg/Skelligs Retreat, Allachaí Mór, Baile an Sceilg, Cill Airne, Co Chiarraí, V23 F990, Éire
2. Cad a chuimsítear sa bhFógra seo?
Mínítear sa bhFógra Príobháideachais seo conas a úsáidimid do chuid sonraí pearsanta; conas a bhailítear iad, conas a choinnítear iad agus conas a phróiseáltar iad. Mínítear ann chomh maith do chearta faoin dlí a bhaineann le do shonraí pearsanta.
3. Cad is sonraí pearsanta ann?
Sainmhínítear sonraí pearsanta sna Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán AE 2016/679) (an “RGCS” nó an “GDPR” i mBéarla) mar aon fhaisnéis a bhaineann le duine inaitheanta is féidir a aithint go díreach nó go hindíreach go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir éigin.
Is é atá i gceist le sonraí pearsanta, i dtéarmaí níos simplí, ná aon eolas fút lenar féidir tú a aithint. Clúdaíonn sonraí pearsanta eolas soiléir mar d’ainm agus sonraí teagmhála, ach clúdaíonn siad eolas nach bhfuil chomh soiléir sin mar uimhreacha aitheantais, sonraí leictreonacha faoi do shuíomh agus táscairí eile ar líne. Tá na sonraí pearsanta a úsáidimid leagtha amach i gCuid 5, thíos.
4. Cad iad do chearta?
Faoin RGCS, tá na cearta seo a leanas agat, a mbeimid ag obair i gcónaí lena seasamh:
a) An ceart go gcuirfí ar an eolas tú maidir le go bhfuilimid ag bailiú do shonraí pearsanta agus conas a úsáidimid iad. Ba cheart go mbeadh gach eolas a theastaíonn uait sa bhFógra Príobháideachais seo, ach is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn i gcónaí chun tuilleadh a fháil amach trí úsáid a bhaint as na sonraí i gCuid 11.
b) An ceart chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta atá againn fút. Inseoidh Cuid 10 duit conas é seo a dhéanamh.
c) An ceart go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a cheartú má tá aon chuid de do shonraí pearsanta atá á gcoimeád againn míchruinn nó neamhiomlán. Téigh i dteagmháil linn trí na sonraí i gCuid 11 a úsáid más é seo an cás.
d) An ceart go ndéanfaí dearmad ort, i.e. an ceart iarraidh orainn aon cheann de do shonraí pearsanta atá againn a scriosadh nó fáil réidh leis ar bhealach eile. Téigh i dteagmháil linn trí na sonraí i gCuid 11 a úsáid más é seo an cás.
e) An ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta (i.e. cosc a chur air).
f) An ceart chun cur ina choinne go mbainifimis úsáid as do shonraí pearsanta ar mhaithe le cuspóir nó cuspóirí áirithe.
g) An ceart chun iniomparthacht sonraí. Ciallaíonn sé seo, má chuir tú sonraí pearsanta ar fáil dúinn go díreach, go bhfuilimid á n-úsáid le do chead agus go bpróseáltar na sonraí le modhanna uathoibrithe, is féidir leat cóip de na sonraí pearsanta sin a athúsáid le seirbhís nó gnó eile i go leor cásanna.
h) Cearta a bhaineann le cinnteoireacht (déanamh cinntí) agus próifíliú uathoibrithe. Ní bhainimid úsáid as do chuid sonraí sa tslí seo.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta nó chun do chearta a chur i bhfeidhm mar atá mínithe thuas, déan teagmháil linn trí na sonraí a chuirtear ar fáil i gCuid 11 a úsáid.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi do chearta a fháil ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Má tá aon chúis ghearáin agat maidir leis an úsáid a bhainimid as do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
5. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid?
Féadfaimid cuid de na sonraí pearsanta seo a leanas nó iad go léir a bhailiú.
- Ainm
- Seoladh poist
- Uimhir theileafóin
- Seoladh ríomhphoist
- Inscne
- Dáta breithe
6. Conas a úsáidimid do chuid sonraí pearsanta?
Faoin RGCS, ní mór dúinn bunús dleathach a bheith againn i gcónaí chun sonraí pearsanta a úsáid. Úsáidimid sonraí pearsanta chun tú a choimeád ar an eolas maidir le forbairt Dhíseart na Scealg/Skelligs Retreat agus chun tú a chur ar an eolas nuair a bheidh muid réidh le háirithintí a dhéanamh le haghaidh gníomhaíochtaí agus / nó cuairteanna.
7. Cén fhad a choimeádfaidh tú mo chuid sonraí pearsanta?
Ní choimeádfaimid do chuid sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na críocha ar chucu ar bailíodh iad den chéad uair.
8. Conas agus cén áit a stórálann nó a aistríonn sibh mo chuid sonraí pearsanta?
Tá slándáil do chuid sonraí pearsanta bunriachtanach dúinn agus, chun do chuid sonraí a chosaint, glacaimid roinnt beart tábhachtach ó thaobh slándála sonraí agus teicneolaíochta faisnéise de.
9. An roinneann sibh mo chuid sonraí pearsanta?
Ní dhéanann, ní roinnimid do chuid sonraí pearsanta le haon eagraíocht tríú páirtí eile, ina measc gníomhaireachtaí comhlíonadh poist, teileamhargaíochta nó taighde margaidh.
Ní dhéanfaimid ach do chuid sonraí pearsanta a stóráil nó a aistriú laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus sa Ríocht Aontaithe. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar do chuid sonraí pearsanta a chosaint go hiomlán faoin RGCS nó faoi chaighdeáin choibhéiseacha de réir dlí.
roinnt, a bhféadfadh do shonraí pearsanta féin a bheith ina measc, má tá baint le himeachtaí dlí nó má chomhlíonaimid oibleagáidí dlíthiúla, ordú cúirte, nó treoracha údaráis rialtais.
10. Conas is féidir liom teacht ar mo chuid sonraí pearsanta?
Más mian leat a fháil amach cé na sonraí pearsanta atá againn fút, is féidir leat eolas faoi na sonraí pearsanta sin a iarraidh orainn agus cóip díobh a fháil (i gcás ina gcoinnítear aon sonraí pearsanta den sórt sin). Tugtar “Iarratas Ábhair Sonraí” air seo.
Ba cheart gach Iarratas Ábhair Sonraí a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig na seoltaí ríomhphoist nó poist a thaispeántar i gCuid 11. De ghnáth ní ghearrtar aon táille as Iarratas Ábhair Sonraí. Má tá d’iarratas ‘go follasach gan bhunús nó iomarcach’ (mar shampla má dhéanann tú roinnt iarratas atá mórán mar a chéile) féadtar táille a ghearradh chun ár gcostais riaracháin an fhreagra a chlúdach.
Tabharfaimid freagra ar d’iarratas ábhair sonraí laistigh de mhí tar éis é a fháil. De ghnáth, bíonn sé mar aidhm againn freagra iomlán a sholáthar, cóip de do shonraí pearsanta san áireamh, laistigh den tréimhse sin.
11. Conas a dhéanaim teagmháil leat?
Chun teagmháil a dhéanamh linn faoi aon rud a bhaineann le do shonraí pearsanta agus le cosaint sonraí, lena n-áirítear Iarratas Ábhair Sonraí a dhéanamh:
Ríomhphost: interest@skelligsretreat.ie
Scríobh chuig: Díseart na Scealg/Skelligs Retreat, Allachaí Mór, Baile an Sceilg, Cill Airne, Co Chiarraí, V23 F990, Éire
12. Athruithe ar an bhFógra Príobháideachais seo:
Féadfaimid an Fógra Príobháideachais seo a athrú ó am go ham. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis seo, mar shampla, má athraíonn an dlí, nó má athraímid ár ngnó ar bhealach a théann i bhfeidhm ar chosaint sonraí pearsanta. Aithneofar aon athruithe go soiléir.
a cheadaigh agus a d’údaraigh an fógra seo.
Mark Coleman
Skelligs Retreat Teo.
Dáta: 21 Bealtaine 2021
Due for review by: 20 May 2022
