DÍSEART FOLLÁINE DÍRITHE AR AN DUINE
Lán de stair agus d’fhuinneamh spioradálta, tá Díseart na Scealg/an Skelligs Retreat suite ar imeall Chontae Chiarraí, Éire, agus cósta garbh ársa, sléibhte agus nádúr flúirseach timpeall air.
Due to open fully in 2025, it will offer a wellness retreat like no other. A place of healing for both individuals and groups, seeking respite and reinvigoration; a chance to escape the stresses, pressures and distractions of modern life.
Bain taitneamh as an gcultúr traidisiúnta Éireannach, gníomhaíochtaí faoin aer agus folláine spioradálta chun tú féin a athaimsiú i dtimpeallacht uathúil.
HERE’S WHAT TO EXPECT FROM THE SKELLIGS RETREAT.
TÁIMID AG PLEANÁIL OSCAILT TRÍ CHÉIM. ANSEO ATÁ CAD LE BHEITH AG SÚIL LEIS AGUS CATHAIN.
cliceáil ar gach frása chun sonraí a fheiceáil
THE
THE
THE
RETREAT NEWS, UPDATES & EVENTS
NUACHT AN DÍSIRT
THE JOURNEY CONTINUES
Work is already well underway at Skelligs Retreat and now we’re delighted to have received detailed planning consent to continue our exciting vision for this corner of County Kerry.
SPÁS SÍOCHÁNTA UATHÚIL
Beidh ár ndíseart folláine suite ar fheirm i mbaile fearainn iargúlta darb ainm Alachaí Mór, ar leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí.
Is é is brí le ‘alachaí’, is cosúil, ná ‘aill/faill’ agus ‘achaí’, is é sin ‘talamh le failltreacha’,
tá sléibhte ar thaobh amháin de agus an fharraige ar an taobh eile, agus mhair daoine áitiúla ar feadh na gcéadta bliain ar an iascaireacht agus ar an bhfeirmeoireacht beostoic.
Sléibhte, lochanna agus cóstaí Chontae Chiarraí lena meascán uathúil de bhailte traidisiúnta Éireannacha agus radharcanna iontacha farraige, is iad sin íomhá na hÉireann leis na céadta bliain agus iad ag tabhairt cuairteoirí siar go dtí an am a chuaigh thart.
Athbheochan na feirme, athnuachan an anama
Is leis an gcúigiú glúin de theaghlach Uí Shé an fheirm, is iad sin sliocht Michael agus Ellen O’Shea, arbh iad na chéad thionóntaí taifeadta de bhunfhoirgnimh an tí agus na feirme atá fós ar an suíomh inniu.
Is iad na baill de mhuintir Uí Shé atá fágtha atá laistiar den bhfís do Dhíseart na Scealg agus den infheistíocht dá réir sa tionscadal, agus tá fréamhacha acu ar fud an domhain ach measann siad Alachaí Mór fós mar a mbaile spioradálta.
Áit a chuirfidh iontas ort agus a thabharfaidh léargas duit
Tá an Skelligs Retreat suite ar Mhórchuaird cháiliúil Chiarraí, lúb 95 míle a léiriónn an chuid is fearr de radharcanna iontacha an Atlantaigh agus de shuaimhneas Pháirc Náisiúnta Chill Airne, mar aon le ‘craic’ cháiliúil cuid de na tithe tábhairne is sine in Éirinn. Gan dearmad a dhéanamh ar na Scealga féin, ar ndóigh, na carraigeacha cáiliúla gurb iad an ghné is suntasaí sa radharc ón mórthír.
Is limistéar é seo ina mbuaileann an talamh leis an bhfarraige chun fíorchumhacht cneasaithe a sholáthar; áit ina múnlaíonn neart, cumhacht agus fuinneamh an Aigéin Atlantaigh an saol, ag cruthú nasc idir dhaoine agus a dtimpeallacht.
Na seanchosáin agus na suíomhanna naofa, an Ghaeilge agus an suaimhneas, téann siad go réidh le fórsaí uile Bhealach an Atlantaigh Fhiáin agus tá cumhacht iontach acu gur deacair gan géilleadh di - cumhacht atá in ann an t-anam a athbheochan go fírinneach.
Cláraigh le do sheoladh ríomhphoist chun nuacht agus an t-eolas is déanaí a fháil uainn.